TG4 | Sceideal Spóirt | Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile Skip to main content

Sceideal

Sport Schedule

  • GAA Beo
    GAA Beo
    Dé hAoine, 17 Iúil, 19:15 - BEO

    Tá GAA Beo ar ais an scáileán leis an gcéad chraoladh beo ó Mhí Márta. Craoladh beo ar Chraobh Iomána Loch Garman. Seaimpíní 2019, Naomh Máirtín, in aghaidh churaidh Laighean 2015 Abhallort-An Bealach. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • On The Limit Sports
    On The Limit Sports
    Dé Sathairn, 18 Iúil, 10:30

    An t-aicsean is fearr ó chúrsa Railí na hÉireann in 2019.

  • Cluichí na Bliana (TS)
    Cluichí na Bliana (TS)
    Dé Sathairn, 18 Iúil, 11:00

    Deis eile an cluiche idir Cill Dara agus Maigh Eo i mbabhtaí cáilithe Chraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann 2018 a fheiceáil. Tharraing an moladh go n-imreofaí an cluiche ar Pháirc an Chrócaigh conspóid. Sheas Cill Dara an fód áfach agus is i nDroichead Nua a imríodh ar deireadh é. Mac Dara Mac Donncha a bhí i mbun tráchtaireachta.

  • Rugbaí Gold
    Rugbaí Gold
    Dé Sathairn, 18 Iúil, 19:15

    Deis eile breathnú ar chluiche ceathrú ceannais Chorn Heineken 2013 idir Cúige Mumhan agus Harlequins. Ní raibh mórán ag tabhairt seans d'fhoireann Rob Penney sa Twickenham Stoop in aghaidh sheaimpíní Shasana i gcluiche dochreidte.

  • GAA Beo
    GAA Beo
    Dé Domhnaigh, 19 Iúil, 14:30 - BEO

    Tá GAA Beo ar ais ar an scáileán. Clúdach beo ar Chraobh Iomána Átha Cliath. Athimirt é seo ar chluiche ceannais 2018 idir Baile Buadáin Naomh Éanna agus Cill Mochuda Na Crócaigh. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill le tráchtaireacht ó Brian Tyers.

  • GAA GOLD
    GAA GOLD
    Dé Domhnaigh, 19 Iúil, 16:40

    Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na heachtraí móra CLG a thit amach le linn na bliana 1985, ina measc an chéad uair a imríodh Cluiche Ceannais Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh.

  • All Ireland Gold (TS)
    All Ireland Gold (TS)
    Dé Domhnaigh, 19 Iúil, 17:10

    Deis eile Tiobraid Árann v Cill Chainnigh a fheiceáil i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann i 1991. Bhí fir Thiobraid Árann ag iarraidh an dara craobh i dtrí bliana a bhuachan agus an ceann is fearr a fháil ar a gcuid sean-naimhde, Cill Chainnigh.

  • GAA GOLD
    GAA GOLD
    Dé Luain, 20 Iúil, 19:30

    Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na heachtraí móra CLG a thit amach le linn na bliana 1985, ina measc an chéad uair a imríodh Cluiche Ceannais Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh.

  • GAA 2020
    GAA 2020
    Dé Luain, 20 Iúil, 20:00

  • GAA Beo
    GAA Beo
    Dé hAoine, 24 Iúil, 19:15 - BEO

    Tá GAA Beo ar ais le ceann de na chéad chluichí sna craobhchomórtais chontae. Craoladh beo ar Chill Mocheallóg v Na Piarsaigh i gCraobhchomórtas Iomána Luimnigh. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill le tráchtaireacht ó Brian Tyers.

  • Munster - The Brave & The Faithful (TS)
    Munster - The Brave & The Faithful (TS)
    Dé hAoine, 24 Iúil, 22:15

    Clár faisnéise ar fhoireann Rugbaí na Mumhan, ceann de na foirne rugbaí is fearr ar domhan. Tráchtfar sa chlár seo ar an mbua stairiúil a bhí acu ar fhoireann na All-Blacks i 1978, ar an Astráil i 1992 arbh iad seaimpíní an domhain iad ag an am chomh maith leis an lá mór sin nuair a d'éirigh leo Craobh na hEorpa a thabhairt leo i mBealtaine 2006.

  • On The Limit Sports
    On The Limit Sports
    Dé Sathairn, 25 Iúil, 10:00

    An t-aicsean is fearr ó chúrsa Railí na hÉireann in 2019.

  • Cluichí na Bliana
    Cluichí na Bliana
    Dé Sathairn, 25 Iúil, 10:30

    Deis eile Luimneach V An Clár i gCluiche Ceathrú Ceannais Shraith Iomána Allianz 2018 a fheiceáil. Imríodh dhá thréimhse ama breise sular chríochnaigh sé. Cuán Ó Flatharta agus Pat Fleury a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • Rugbaí Gold
    Rugbaí Gold
    Dé Sathairn, 25 Iúil, 19:15

    Cluiche ón gCartlann. Deis eile na sean-naimhde, Cúige Laighean agus Scarlets, a fheiceáil in adharca a chéile i gCluiche Ceannais an Guinness PRO14 2018. Bhí an dá fhoireann ag iarraidh éacht stairiúil a bhaint amach - na Laighinigh ag féachaint le craobh mór na hÉireann agus na hEorpa a thabhairt leo in aon bhliain amháin den chéad uair agus na Scarlets sa tóir ar an dara craobh as a chéile.

  • GAA Beo
    GAA Beo
    Dé Domhnaigh, 26 Iúil, 14:15 - BEO

    Craoladh beo ar Ghleann Bearrcháin v Raonaithe Cairbre i gCraobhchomórtas Peile Chorcaí. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • GAA Beo
    GAA Beo
    Dé Domhnaigh, 26 Iúil, 16:15

    Craoladh iarbheo ar Na Sairséalaigh v Port Omna i gCraobhchomórtas Iomána na Gaillimhe.

  • GAA GOLD
    GAA GOLD
    Dé Domhnaigh, 26 Iúil, 17:40

    Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na heachtraí móra CLG a thit amach le linn na bliana 1986. Caithfimid súil ar an gcluiche deireanach a d'imir Jimmy Barry-Murphy do Chorcaigh agus ar an gcéad uair riamh a shroich Tír Eoghain Cluiche Ceannais Peile na hÉireann.

  • GAA GOLD
    GAA GOLD
    Dé Luain, 27 Iúil, 19:30

    Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na heachtraí móra CLG a thit amach le linn na bliana 1986. Caithfimid súil ar an gcluiche deireanach a d'imir Jimmy Barry-Murphy do Chorcaigh agus ar an gcéad uair riamh a shroich Tír Eoghain Cluiche Ceannais Peile na hÉireann.

  • GAA 2020
    GAA 2020
    Dé Luain, 27 Iúil, 20:00

    Buaicphointí ó Chluichí Craoibhe na gClubanna sa Pheil agus san Iomáint.