Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 13 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 286

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 7:02AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 23

    An t-arrachtach nach bhfuil faoin leaba

    Foghlaimeoidh ár gcairde sa tsaotharlann faoi dhomhan beag bídeach agus faoi adaimh.

  • 7:14AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 24

    Nanabotaí ag Placadh

    Foghlaimeoidh ár gcairde sa tsaotharlann faoi thruailliú agus athchúrsáil.

  • 7:26AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 37

    Bróga Nua Dhónaill Dhána

    Tá bróga nua ag teastáil ó Dhónall agus ní stopfaidh sé nó go bhfaighidh sé iad.

  • 7:38AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 38

    Teach Lán le Taibhsí

    Tá Dónall ag fanacht tigh Aintín Siobhán don deireadh seachtaine agus tá Peadar ag iarraidh a chur ina luí air go bhfuil taibhse sa teach.

  • 7:50AM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 62

    Clocha Spáis

    Rachaidh an Cat Cliste agus a chairde sa tóir ar dhreige a thit as an spéir.

  • 8:02AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:04AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Ag Campáil le Mam

    Tá Bn. Uí Tearanódóin le campa a reáchtáil do na máithreacha agus a bpáistí.

  • 8:16AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 12

    Ceist an Ghealltanais

    Ní choinneoidh dada Romeo agus Juliet óna chéile - seachas dineasár, b'fhéidir.

  • 8:29AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 44

    Traein na gCat

    Rachaidh na piscíní agus a gcuid cairde ar eachtra ar thraein.

  • 8:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 43

    Ficheall

    Tá Milseog ag iarraidh cluiche fichille a imirt - ach cé a imreoidh in éineacht leis?

  • 8:40AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 38

    Arracht Grinn

    Tugann Wufflebump bréagán nua Growlbert chuig an scoil. Bíonn an-spraoi aige féin agus Yummble ag imirt cleas ar a gcuid cairde leis.

  • 8:47AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 12

    An Taisce

    Tá Matt ag tóraíocht óir ar an bhfeirm.

  • 8:58AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 12

    Cara do Phanda

    Is maith le Pól an panda a bheith as féin de ghnáth ach iarrann sé ar Wissper cúnamh a thabhairt dó cara a aimsiú.

  • 9:06AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 12

    Stáisiún Teilifíse Furchester

    Bunaíonn Phoebe agus Elmo stáisiún teilifíse ionas nach gcaillfidh na lachain an clár is fearr leo.

  • 9:17AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 11

    Athchóiriú Shúibhín

    Cliseann Súibhín agus téann sí chuig garáiste Mick lena deisiú. Réitíonn Bazza amach as an nua í ach an mbeidh sí sásta?

  • 9:22AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 11

    Bia na Foraoise

    Faigheann na hulchabháin bheaga amach faoin mbia a itheann ainmhithe éagsúla.

  • 9:33AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Gormchosach

    Tá Nic agus Sailí ag caitheamh a gcuid buataisí nua ach tá siad ag dul i bhfostú sa phuiteach.

  • 9:46AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 19

    Cluiche den Scoth

    Aimsíonn Masha saighdiúirí le cluiche haca a imirt in éineacht léi ach ní fada go dtéann rudaí ó smacht.

  • 9:55AM
    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)

    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Daideo Micheál agus Sadhbh

    Tá Sadhbh leis an lá a chaitheamh in éineacht lena Daideo, Micheál Ó Muircheartaigh. Déanfaidh siad ceapairí ar dtús agus as leo ansin chuig seisiún traenála peile agus camógaíochta. Tabharfaidh Daideo ugach do Shadhbh ón taobhlíne. Bainfidh siad an-spórt as an lá in éineacht.

  • 10:02AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Cóil ag Seoltóireacht

    Rachaidh Cóil ag seoltóireacht in éineacht lena chara Briain ach sula ndéanfaidh siad sin taispeánfaidh Brian dó na nithe ar fad a bheidh ag teastáil uathu - culaith fhliuch, seaicéad tarrthála agus seaicéad speisialta gaoithe. Tabharfaidh Cóil cúnamh do Bhrian na seolta a chrochadh sula rachaidh siad chun farraige.

  • 10:15AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Peataí Beaga II Maidin

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga atá ina bpeataí an mhaidin.

  • 10:45AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 40

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:15AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Plague

    Tá tífeas sa gceantar agus éiríonn roinnt de mhuintir Walnut Grove an-tinn. Seachnaíonn muintir Ingalls é ach bíonn an mí-ádh ar Charles nuair a dhéanann sé teagmháil leis an ngalar. Déantar ospidéal/marbhlann den séipéal fad is a bhíonn Charles, Doc Baker agus an tOirmhinneach Alden ag iarraidh foinse an ghalair a aimsiú.

  • 12:10PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    Footnote To Murder

    Táthar in amhras gur mharaigh cara le Jessica duine ag comhdháil scríbhneoirí.

  • 1:05PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 5, Eipeasóid 4

    Han

    Cuirtear fáilte roimh phianódóir mór le rá as an gCóiré Thuaidh chuig an Teach Bán ach tagann athrú ar an scéal nuair a chuireann an ceoltóir in iúl don Uachtarán go bhfuil sé ag iarraidh cúl a thabhairt dá thír féin. Cé go ndéanann CJ cás maith ar mhaithe leis, cuireann daoine eile ina choinne mar go ndéanfadh sin dochar mór do chúrsaí idirbheartaíochta idir an dá thír. Oibríonn an fhoireann go crua chun rogha nua an Uachtaráin don Leas-Uachtaránacht, an Feisire Robert Russell, a cheadú d'aon ghuth.

  • 1:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 286

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 2:00PM
    Cuimhní Órga Spóirt

    Cuimhní Órga SpóirtSraith 2, Eipeasóid 9

    Buaicphointí ó chluiche ceannais Iomána Sinsear na hÉireann 2013 idir Corcaigh agus an Clár.

  • 2:15PM
    Laochra Gael (OS & TS)

    Laochra Gael (OS & TS)Sraith 13, Eipeasóid 3

    Jamesie O' Connor

    Jamesie O'Connor, príomhscórálaí fhoireann iomána an Chláir le linn thréimhse órga an chontae sna 1990idí a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Bhí ról thar a bheith tábhachtach ag Jamesie nuair a bhuaigh an Clár Craobh na hÉireann i 1995 agus i 1997. D'éirigh leis Craobh na Mumhan a bhuachan trí huaire, bronnadh gradam iománaí na bliana air i 1997, tá ceithre ghradam All Star aige chomh maith le Craobh na gClubanna a bhuachan le Naomh Seosamh.

  • 2:45PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 20, Eipeasóid 8

    Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Iomána an Chláir idir An Chreatalach agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 5:00PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 20, Eipeasóid 9

    Craoladh iarbheo ar chluiche ceannais Peile Ros Comáin idir Gaeil Ros Comáin agus Na Piarsaigh.

  • 6:25PM
    Ó Tholg go Tolg (OS & TS)

    Ó Tholg go Tolg (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Kaliningrad & Lithuania

    Sraith clár faoi bheirt bhan a théann ag taisteal ar fud chósta na Bailtise agus Thuaisceart na hEorpa ach nach n-íocann pingin lóistín. I Kaliningrad, píosa talún leis an Rúis atá idir an Pholainn agus an Liotuáin agus sa Liotuáin a bheidh Ciara Ní Bhroín agus Bláithín de Burca an tseachtain seo. Fanfaidh siad in éineacht le Lena agus Alexander i Kaliningrad, beirt a casadh ar a chéile ag dul ó tholg go tolg iad féin. Fanfaidh siad in éineacht le Rumualdas ansin i Klaipeda sa Liotuáin. Inseoidh sé dóibh faoi thitim an Aontais Shóivéidigh.

  • 6:55PM
    Molscéal (TS)

    Molscéal (TS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Stocaí bána, bróga dubha

    Súil siar ar bhuaiteoirí an chomórtais Sceitse ag Oireachtas na Gaeilge 2018 - Páid Ó Neachtain, Bróna Ní Uallacháin agus Aisling Ní Neachtain.

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 286

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 286

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Ollchlár Ros na Rún (OS & TS)

    Ollchlár Ros na Rún (OS & TS)Sraith 24, Eipeasóid 6

    Ní mó ná sásta atá Berni nar thángthas ar an té a bhuail Jude den charr. Glacann sí uirthi féin teacht ar an té sin í féin. Cuireann sé faitíos ar Bhrain go bhfuil sí le bleachtaire príobháideach a fhostú. Tá Caitríona fós ag caitheamh airgid go fánach agus ní ligeann tada uirthi féin le Vince. Tá an té atá ag seasamh le Colm tagtha go Ros na Rún agus is cosúil go bhfuil aithne ag Bobbi Lee air.

  • 8:30PM
    Go Gasta (OS & TS)

    Go Gasta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sa tsraith nua GO GASTA tabharfaidh dhá bhaile atá teorainneach lena chéile agus a bhíonn de shíor ag coimhlint lena chéile dúshlán a chéile i gcomórtas nua bailte. Caithfidh foireann de sheisear ó bhaile amháin rith i dtreo an bhaile eile ach beidh constaicí go leor le sárú acu agus ar ndóigh beidh siad in aghaidh an chloig. An fhoireann is sciobtha a bhainfidh ceann scríbe amach na buaiteoirí agus bronnfar corn 'Go Gasta' 2019 orthu. Ardara agus na Gleannta i gContae Dhún na nGall a bheidh in aghaidh a chéile ar an gclár seo.

  • 9:30PM
    Tradfest TG4 (OS & TS)

    Tradfest TG4 (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Sraith ceoil thraidisiúnta á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin a taifeadadh ag TradFest. I gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Halla na Saoirse, Teach na dTiarnaí agus sa Séipéal Ríoga a taifeadadh ceol na hoíche anocht ó na Kane Sisters, Jerry Douglas, Lisa O'Neill agus an ceoltóir óg Diarmuid Ó Meachair. Arna léiriú ag Aniar TV.

  • 10:30PM
    Hup (OS & TS)

    Hup (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Sráid na Cathrach

    Sraith ceoil thraidisiúnta. Ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach a bheimid an tseachtain seo. Beidh comharsana ag ceol i dteannta a chéile do thaispeántas speisialta agus annamh; Noel Hill, Tony Linnane agus Alec Finn ag seinm le chéile den chéad uair le blianta fada. Seinnfidh máistir na píbe, Ronan Brown, cúpla port i seanteach laoch na fidle, Bobby Casey. Seinnfidh Éamonn Cotter 'An Siopa Beag'. Baileoidh muintir Mulcahy i siopa surfála chun cúpla jig a chasadh.

  • 11:00PM
    An Balla (OS & TS)

    An Balla (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Korea

    Leanfaidh Síle Nic Chonaonaigh dá turas ar chuid de na ballaí is aitheanta ar fud an domhain. Tabharfaidh sí cuairt ar cheann de na teorainneacha is dainséaraí ann - idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas. Chomh maith le dul chomh fada leis an teorainn, tabharfaidh sí cuairt freisin ar an bpríomhchathair - Seoul - agus labhróidh le muintir na Cóiré ón dá thaobh. Inseofar di scéalta goilliúnacha na dteaghlach a scaradh óna chéile sa chogadh agus scéalta na ndaoine a rinne gach a d'fhéad siad chun éalú ón saol sa Chóiré Thuaidh.

  • 0:00AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 286

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:03AM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Murder Takes The Bus

    Sáitear duine de na paisinéirí ar bhus a bhfuil Jessica uirthi go Boston.

  • 1:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 286

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.