Underdogs 2019 | Spórt | CLG | Comórtas | GAA | Peil Gaelach Skip to main content
Menu

Underdogs

12.09
9.30pm
     

Sraith nua ag tosú 12.09 @ 9.30pm

Underdogs 2019

Tá ‘Underdogs’, sraith chlúiteach CLG TG4, sa tóir arís ar fhoireann peile nua. Tá grúpa fear atá cumasach, díocasach agus aclaí ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír.
Beidh foireann bainistíochta nua mór le rá ann i mbliana, triúr laochra imeartha tráth atá anois ar an taobhlíne; is iad sin Mickey Ned O’Sullivan, iar-chaptaen agus iar- bhainisteoir Chiarraí, Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair a d’imir do Dhún na nGall.
Beidh ar an bhfoireann bainistíochta painéal peile a roghnú a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar fhoireann idirchontae mór le rá. Níl ach aon riail amháin ann, is é sin nár imir siad peil Ghaelach ag leibhéal sinsear idirchontae craoibhe riamh.

 

 

Físeáin ar Fáil