The Bridge: Sraith 4 | Drámaíocht Eorpach | An Danmhairg | An tSualainn | TG4 Skip to main content
Menu

The Bridge

     

The Bridge:  Drámaíocht Eorpach

Sraith 4

Tar éis breis is bliain a chaitheamh i bpríosún tá Saga Norén amuigh anois. Bhí amhras ann, nuair a triaileadh an dara huair í, gurb í a dhúnmharaigh a máthair. Fiosróidh Henrik Sabroe dúnmharú Margarethe Thormond, ardstiúrthóir na Seirbhísí Inimirce, a maraíodh nuair a buaileadh de chlocha í. Tá sé curtha de chúram ar Saga cúnamh a tabhairt do Henrik an cás dúnmharaithe a réiteach agus bogann sí isteach in éineacht leis. Tosaíonn sí ag dul chuig teiripe agus tosaíonn Henrik ag dul chuig cruinnithe d’andúiligh.

Físeáin ar Fáil