Tabú | Faisnéis Fíorasach | Éirinn sa Lá Atá Inniu Ann | TG4 Skip to main content
Menu

Tabú

Céad
9.30pm
Aoine
11.00pm
     

Náire

An bhfuil gach duine againn ag roinnt an-iomarca eolais ar líne?
Imíonn an láithreoir Ciara Ní É ar thóir na fírinne.

Dé Céadaoin @ 9.30pm

Tabú

Sraith faisnéise fíorasach a thabharfaidh léargas fíorspéisiúil ar Éirinn sa lá atá inniu ann. Cuirfidh na cláracha faisnéise tochtmhara agus spreagúla seo daoine ag smaoineamh agus spreagfar neart plé agus díospóireachta dá mbarr.


Náire – Dé Céadaoin @ 9.30pm
Sa chlár faisnéise seo, déanfaidh Ciara Ní É, duine den lucht tionchair ar líne, cur síos ar an méid a tharlaíonn nuair dhéantar bulaíocht ar dhuine ar líne. Gheobhaidh sí amach chomh maith faoin tionchar ollmhór a bhíonn ag an mbulaíocht sin ar an duine. Cén fáth a mbíonn daoine chomh gránna lena chéile ar na meáin shóisialta? Fiosróidh Ciara an bhfuil an iomarca á roinnt ar líne agus mar is féidir a bheith sábháilte ar líne san 21ú hAois?
 

 

Físeáin ar Fáil