Seal le Dáithí | Siamsaíocht | Comhrá | Agallamh | Dáithí Ó Sé Skip to main content
Menu

Seal le Dáithí

Déar
7.30pm
     

Is é Gary Brennan, peileadóir an Chláir,
a bheidh i mbun comhrá le Dáithí

Déardaoin @ 7.30pm

Seal le Dáithí

Cuireann Dáithí Ó Sé sraith úrnua i láthair sa chlár “Seal le Dáithí” ar TG4. Beidh dreas comhrá gach seachtain le aoi difriúil, ina n-insíonn aionna scéal a mbeatha agus iad ag caitheamh “Seal le Dáithí”.
I measc na n-aionna sa tsraith nua tá láithreoir Eurofíse, iar Miss Universe Ireland, amhránaithe is scríbhneoirí, filí, pearsantachtaí spóirt, taiscéalaí, maisitheoir, an chéad scipéir ban in Éirinn lena bád féin agus bean a bhunaigh bunscoil sa Ghréig chun cabhrú le teifigh.

Déardaoin @ 7.30pm – Gary Brennan
Is é Gary Brennan a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé ar an gclár. Iománaí le Baile Aodha a d’imir i gCluiche Ceannais Chlubanna na hÉireann in 2017 ach ar fearr aithne air mar pheileadóir le Contae an Chláir. D’imir sé faoi Pháidí Ó Sé, a thug deis dó le foireann sinsear an Chláir in 2007, agus faoi Mick O’Dwyer, a rinne captaen dó ar Chontae an Chláir in 2013. Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais is ea Gary i gColáiste Fhlannáin Naofa, fear atá cáilithe ina thraenálaí pearsanta chomh maith.

Físeáin ar Fáil