Ros na Rún | Sobaldhráma | Dráma | Sraith Teilifís Éireannach | TG4 Skip to main content
Menu

Ros na Rún

Máir
20:30
Déar
20:30
     

Tá sé ag goilleadh ar Mack go mb’fhéidir gurb é
athair Jay é. An ligfidh sé a rún le duine éigin?

Dé Máirt @ 20:30

Ros na Rún
 
Dé Máirt @ 20:30
Cuireann sé fearg ar John Joe nuair a dhiúltaíonn Mack Jay a phiocadh suas ón gcrèche. Níos measa a éiríonn cúrsaí do Mack nuair a fhéachann Tadhg a chur ina luí air go bhfuil milleán curtha ar Katy nach bhfuil ag dul di. Cailleann Mack a cheann. Tá sé ag goilleadh air go mb’fhéidir gurb é athair Jay é. An ligfidh sé a rún le duine éigin? Tá Bobbi Lee ag iarraidh go gcuirfear Andy i bpríosún go deo. Tá O’ Shea ag ceapadh go dtarlóidh sin ach beidh go leor ag brath ar an bhfianaise a thabharfaidh Bobbi Lee.
 
Is é Ros na Rún an sobaldráma is faide agus is fearr atá ar TG4 agus an t-aon sobaldráma Éireannach a bhfuil rian na tuaithe air. Bíonn fáil ann ar gach gné den saol comhaimseartha – ceisteanna caidrimh, grá, gnó, teannas teaghlaigh, magadh agus spochadh na gcomharsan agus mór-fhadhbanna pearsanta agus pobail le feiceáil ann. Tugann Ros na Rún aird ar scéalta a bhaineann le cúrsaí sóisialta atá i bpobail an lae inniu chun solais á bhuíochas sin don sár aisteoireacht agus scríbhneoireacht.
 


Suíomh: www.rosnarun.com
Facebook: www.facebook.com/rosnarun
Twitter: twitter.com/RosnaRun/
Instagram: www.instagram.com/RosnaRun1
Snapchat: rosnaruntg4 www.snapchat.com/add/rosnaruntg4

Físeáin ar Fáil