Hector - Ó Siberia go Saigon | Hector Ó hEochagáin | Taisteal | Siamsaíocht | TG4 | #HectorTG4 Skip to main content
Menu

Hector – Ó Siberia go Saigon

Domh
11.00pm
     

Rachaidh Hector go Bangkok agus chuig an Chambóid
Dé Domhnaigh @ 11.00pm

Hector – Ó Siberia go Saigon

Tá an taistealaí is clúití in Éirinn, fear nach mbíonn fuacht ná faitíos air, Hector Ó hEochagáin, ar ais ar TG4 agus é ag tabhairt faoi aistear mór a thosóidh i bhfad ó thuaidh i gcríocha na Sibéire sa Rúis agus a leanfaidh breis is 8000 ciliméadar os cionn sléibhte, trí fhásaigh, aibhneacha agus naoi dtír éagsúla an bealach ar fad chuig cathair nua-aoiseach Ho Chi Minh nó Saigon i Vítneam. I gceann de na réigiúin is lú daonra ar domhan a chuirfear tús leis an aistear is mó, is faide agus is spreagúla ar thug Hector faoi fós. Beidh sé in áit atá 3500 ciliméadar ó Mhoscó, príomhchathair na Rúise, agus atá i gcroílár réigiúin as a bhfuiltear ag díbirt deoraithe agus príosúnaigh leis na mílte bliain. Sea, tá Hector ar ais agus ag cur tús lena thuras is mó i gcroílár na Sibéire.

Dé Domhnaigh @ 11.00pm
Tá sé 18 mbliana ó bhí Hector i Bangkok cheana agus tá athrú mór ar an gcathair ó shin. Rachaidh sé i mbun cluichíochta, ag tumadóireacht sa chuan agus siúlfaidh sé sráideanna iomráiteacha na cathrach. Bíonn sé in am suaimhnis ansin agus tugann Hector aghaidh ar Tham Krabok, mar a bheadh clinic Betty Ford na Téalainne – mainistir do dhaoine le dul i ngleic le fadhbanna andúile agus a gcónaíonn siad mar a bheadh manaigh ann agus a n-ólann siad deoch donn gach lá a chuireann múisc orthu le hiad a ghlanadh. Bíonn sé in am ansin dul trasna go Siem Reap sa Chambóid.

Físeáin ar Fáil