Fíorscéal | Sraith Idirnáisiúnta Faisnéise | TG4 | Gaeilge Skip to main content
Menu

Fíorscéal

Déar
10.00pm
Máir
mall
     

Míolta ag Máirseáil!
Athchraoladh Dé Máirt – mall

Fíorscéal

Séasúr nua de Fíorscéal a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is fearr, is misniúla agus is conspóidí ar domhan le athghuthú Gaeilge ar rogha clár faisnéise ón iasacht.  Oscailt ar shúil eile is ea gach clár acu.


Míolta ag Máirseáil! – Athchraoladh Dé Máirt – mall
Is cosúil go raibh dearmad déanta ar mhíolta leapa ach tá siad ar ais! Tá siad i ndeisceart na Fraince agus iad ag déanamh an bhealaigh ó thuaidh. Agus tá cuairteoirí nua ann chun na hEorpa – an muiscít thíograch atá anois i bPáras. Tá Beirlín ar an airdeall agus méadú faoi cheathair le blianta beaga anuas ar líon na gcomhlachtaí díothaithe míolta agus ionróirí ansin. Ach cén t-údar atá leis an méadú mór atá ar líon na bhfeithidí seo?
 
Colaistéaról: Croí na Fírinne nó Cur i gCéill? – Déardaoin @ 10.00pm
Tá ceangal á dhéanamh le hos cionn leath chéad bliain idir fadhbanna croí agus colaistéaról sa bhfuil. Tá forbairt na billiún dollar déanta ar thionscal bia ar bheagán saille agus ar chógas a íslíonn colaistéaról. Tá sé ar an gcógas is mó a ordaítear do dhaoine a thógáil ar fud an domhain agus 30 milliún duine á thógáil sna Stáit Aontaithe. Ach cé go bhfuil an ráta colaistéaróil laghdaithe i dtíortha forbartha níl aon athrú ar na fadhbanna croí. Cén fáth?

Físeáin ar Fáil