Finné | Faisnéis | Scéalta Daonna ó Cinnlínte Nuachta | TG4 Skip to main content
Menu

Finné

Céad
9.30pm
Sath
12.05am
     

Inseoidh Osgur Breatnach faoi cé mar a cúisíodh é faoi ceann de na robálaithe is mó i stair an Stáit i Sallins i 1976 agus a chuid iarrachtaí a ainm a ghlanadh.
Dé Céadaoin @ 9.30pm

Finné

Spreagtha ag cláracha faisnéise de chuid Netflix le blianta beaga anuas, is sraith faisnéise é Finné a nochtaíonn na scéalta daonna taobh thiar de scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain anuas. Curtha i láthair ag Orla O’Donnell, comhfhreagraí cúirte RTÉ, tugann Finné oscailt súil dúinn ar an rian a d’fhág na heachtraí tromchúiseacha seo ar an té a mhair trítha.
 
An tSeachtain seo:
Déanfaidh Osgur Breatnach cur síos ar mar a cuireadh ceann de na robálaithe ba mhó ó bunaíodh an Stáit ina leith nuair a goideadh beagnach £200,000 punt de thraein sna Solláin, Co. Chill Dara i 1976. Fad is a bhí na Gardaí á cheistiú, shínigh sé féin agus daoine eile á bhí á gceistiú ráiteas inar admhaigh siad go raibh siad ciontach. Bhí amhras ann ina dhiaidh sin faoin mbealach a bhfuair na Gardaí na ráitis sin agus chuir Breatnach tús le feachtas chun a ainm a ghlanadh.
 

 

Físeáin ar Fáil