Ár gClub | Faisnéis | Clubanna CLG | An Ghaeltacht | Na Piarsaigh | Na Dúnaibh | Cill Mochuda na Crócaigh | TG4 Skip to main content
Menu

Ár gClub

Luan
7.30pm
     

Sa tsraith nua seo, tabharfar léargas ar na himeachtaí, na buaicphointí
agus na trioblóidí a bhaineann do cheithre chumann CLG le linn 2018

Athchraoladh Dé Luain @ 7.30pm

Ár gClub

Cumann Lúthchleas Gael, a bhfuil 2,500 cumann ar fud na tíre cláraithe leis, an eagraíocht cultúir agus sóisialta is mó in Éirinn. Is beag paróiste nach bhfuil cumann CLG ann agus go minic is é an cumann sin croílár an cheantair. Sa tsraith nua seo, tabharfar léargas ar na himeachtaí, na buaicphointí agus na trioblóidí a bhaineann do cheithre chumann CLG le linn 2018 – An Ghaeltacht i gCiarraí, Na Piarsaigh i nGaillimh, Na Dúnaibh i nDún na nGall agus Cill Mochuda na Crócaigh in Áth Cliath.


Clár 7 – Athchraoladh Dé Luain @ 7.30pm
Sa gclár deiridh sa tsraith, is é am na cinniúna é do na cumainn éagsúla. Beimid i dteannta iománaithe agus lucht leanúna Chill Mochuda na Crócaigh agus iad ag fáil faoi réir le cluiche ceannais sinsear Átha Cliath a imirt arís. Tá an teannas agus an brú le brath go láidir in Iarthar Chiarraí freisin mar go bhfuil foireann sinsear na Gaeltachta ag fáil faoi réir do chluiche dícháilithe. Má chaileann siad, dícháileofar iad go dtí an grád idirmheánach. I gConamara, tá cinneadh crua le déanamh ag mná na bPiarsach faoi thodhchaí fhoireann Pheil na mBan an chumainn.

Físeáin ar Fáil